HIQA

Údarás neamhspleách is ea an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte a bunaíodh chun cúram ardchaighdeáin agus sábháilte a spreagadh do dhaoine a bhaineann úsáid as ár seirbhísí cúraim sláinte agus shóisialta in Éirinn.

Síneann sainchúram HIQA go dtí seo thar réimse sonrach de sheirbhísí poiblí, príobháideacha agus deonacha. Agus é ag tuairisciú don Aire Sláinte agus ag dul i dteagmháil leis an Aire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Gnóthaí Óige, is é ról HIQA caighdeáin a fhorbairt, cigireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar sheirbhísí cúraim sláinte agus shóisialta agus tacú le cinntí eolasacha ar conas a sholáthrófar seirbhísí.

HIQA logo