Logáil isteach ar thairseach na soláthraithe
Is féidir leat fógraí faoi mhíchumas chomh maith le fógraí do dhaoine scothaosta a chur isteach ar líne anois ag baint úsáid as ár dtairseach nua do soláthraithe. Ní gá duit ach cliceáil ar “Logáil isteach” sa chúinne uachtarach ar dheis agus tosú.
Is é an chéad chéim chun an t-ualach riaracháin a laghdú duit. Is féidir leat NF01, NF02, NF03, NF05, NF06, NF07, NF08, NF09, NF60, agus tuairisceáin bhliantúla a chur isteach - sin ar fad tríd an tairseach.
- Cuirimid sábháilteacht agus cáilíocht chun cinn i seirbhísí cúraim sláinte in Éirinn. Chun é sin a dhéanamh, déanaimid cigireacht ar ospidéil agus ar sholáthraithe cúraim sláinte eile agus labhraímid le hothair, le baill foirne agus le bainisteoirí lena fháil amach an bhfuil caighdeáin náisiúnta á gcomhlíonadh ag soláthraithe cúraim sláinte.
- Trínár gcláir mhonatóireachta, féachaimid le dearbhuithe a sholáthar don phobal go bhfuil seirbhísí ag cur na caighdeáin náisiúnta rialacháin ábhartha i bhfeidhm agus go bhfuil siad á gcomhlíonadh, agus go bhfuil feabhsuithe cáilíochta agus sábháilteachta á ndéanamh acu a chosnaíonn leanaí.
- Ó mhí na Samhna 2013, ní mór do gach ionad ainmnithe do dhaoine faoi mhíchumas a bheith cláraithe le HIQA. Déanaimid cigireacht ar sheirbhísí go rialta lena chinntiú go gcoinníonn siad ardleibhéal cúraim.
- Cláraímid ionaid ainmnithe do dhaoine scothaosta. Déanaimid monatóireacht agus cigireacht rialta ar na hionaid sin chomh maith lena chinntiú go gcoinníonn siad ardleibhéal cúraim agus tacaíochta.