Cloud Solutions Architect / Ailtire Néalréiteach
Cloud Solutions Architect
Location: Dublin or Cork
Grade: Engineer Grade II
Tenure: Permanent
The Information Division (ID), within the Authority, is recruiting for a senior Cloud Solution Architect to join an expanding team. This is a very exciting time to join our dedicated and passionate team as we continue rolling out our ‘Digital and Data Transformation Strategy’, transforming how we operate with a focus on the future, ensuring we have best in class applications and support to meet our customer’s needs. This is a key role in the delivery of the strategic digital programme of work. We are looking for an innovative, solution focused, Cloud Solution Architect who is experienced and is interested in further learning on the job and delivering high quality solutions, in a fast paced environment.
The Cloud Solutions Architect will report to the Authority’s Head of Architecture, where the Cloud solution Architect will be responsible for researching and solutioning enterprise level scalable, secure, and efficient cloud-based solutions. They will collaborate with cross-functional teams to understand business requirements and translate them into clear and concise technical specifications. Expertise in enterprise grade cloud platforms such as Azure and a wide range of cloud applications will be crucial in guiding the development and deployment of cloud infrastructure and services. In this role, you will lead the evaluation and selection of cloud technologies, ensuring alignment with industry best practices and organisational goals. You will provide technical leadership and mentorship to development teams, fostering a culture of continuous improvement and innovation. Your ability to troubleshoot complex issues and optimise cloud performance will be essential in maintaining the reliability and efficiency of our cloud environments.
Essential:
- Degree qualification (minimum of Level 8 on the National Framework of Qualifications or equivalent) in a discipline deemed relevant by the Authority for the post.
And
- A minimum of 5 years of demonstrable relevant experience in development, configuration and support of Cloud applications with a focus on the Microsoft and Azure platforms.
Benefits of working at HIQA:
- Permanent position
- 27 days annual leave
- Pension Scheme
- Learning and Development Opportunities
- Well-being Programme
- Social Club
- Employee Assistance Programme
- Academic Education Support Scheme
Ailtire Néalréiteach
Láthair: Baile Átha Cliath nó Corcaigh
Grád: Innealtóir Grád II
Tionacht: Buan
Tá Ailtire Néalréiteach sinsearach á earcú ag an Rannóg Faisnéise (RF), laistigh den Údarás, chun dul isteach i bhfoireann atá ag fás. Is tráth iontach go deo é seo chun dul isteach san fhoireann thiomanta agus phaiseanta atá againn de réir mar a leanaimid den ‘Straitéis um Chlaochlú Digiteach agus Sonraí’, dár gcuid a rolladh amach, rud a athraíonn ó bhonn an bealach a oibrímid, agus béim á cur ar an todhchaí, agus é á áirithiú go bhfuil scoth na bhfeidhmeanna agus na tacaíochta againn chun freastal ar riachtanais ár gcustaiméirí. Is príomhról é seo chun an clár oibre digiteach straitéiseach a sholáthar. Tá Ailtire Néalréiteach atá nuálach agus dírithe ar réiteach á lorg againn, duine ag a bhfuil taithí agus spéis i bhfoghlaim bhreise a dhéanamh ag an obair agus i réitigh ardcháilíochta a sholáthar i dtimpeallacht thapa.
Tuairisceoidh an tAiltire Néalréiteach do Cheann Ailtireachta an Údaráis, agus beidh an tAiltire Néalréiteach freagrach as taighde a dhéanamh agus fuascailt a fháil ar réitigh néalbhunaithe atá inscálaithe, slán agus éifeachtúil. Rachaidh sé nó sí i gcomhar le foirne ilréimsiúla chun riachtanais ghnó a thuiscint agus sonraíochtaí teicniúla soiléire agus gonta a dhéanamh díobh. Beidh saineolas i néalardáin ar ghráid fiontair amhail Azure agus réimse leathan d’fheidhmchláir néalríomhaireachta ríthábhachtach chun forbairt agus cur in úsáid néalbhonneagair agus néalseirbhísí a threorú. Sa ról seo, treoróidh tú meastóireacht agus roghnú néalteicneolaíochtaí, agus ailíniú le dea chleachtais an tionscail agus spriocanna eagraíochtúla á áirithiú. Soláthróidh tú ceannaireacht theicniúil agus meantóireacht chun foirne a fhorbairt, agus cultúr d’fheabhsú agus nuálaíocht leanúnach á chothú. Beidh do chumas chun saincheisteanna casta a fhabhtcheartú agus néalfheidhmíocht a optamú bunriachtanach chun iontaofacht agus éifeachtúlacht ár dtimpeallachtaí a choinneáil.
Riachtanach:
- Cáilíocht chéime (Leibhéal 8 ar a laghad ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí nó a chomhionann) i ndisciplín a mheasann an tÚdarás a bheith ábhartha don phost.
Agus
- Taithí ábhartha fhollasach 5 bliana ar a laghad ar fheidhmchláir néalríomhaireachta a fhorbairt, a chumrú agus ar thacú leo, agus béim ar ardáin Microsoft agus Azure.
Tairbhí de bheith ag obair ag HIQA:
- Post buan
- 27 lá de shaoire bhliantúil
- Scéim Pinsin
- Deiseanna Foghlama agus Forbartha
- Clár Folláine
- Club Sóisialta
- Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
- Scéim Tacaíochta don Oideachas Acadúil
Gairmeacha le HIQA (recruitisland.ie)
#IJAdvantage