Senior Health Technology Assessment Analyst / Anailísí Sinsearach um Measúnú Teicneolaíochta Sláinte

Location
Dublin, Cork or Galway / Baile Átha Cliath, Corcaigh nó Gaillimh
Closing date

Senior Health Technology Assessment Analyst  

Location: Dublin, Cork or Galway 
Grade: Engineer Grade I
Tenure: Specified Purpose Contract – Maternity Cover

Additionally, HIQA will create a panel for future permanent and fixed term vacancies that may arise.

The purpose of this role is to join a multidisciplinary team with responsibility for the effective implementation of HIQA’s programmes to deliver high quality health technology assessments, other evidence-based advice and evidence synthesis outputs, and therefore to embed evidence-based methodology in the health decision-making processes in Ireland. The Health Technology Assessment (HTA) Directorate, overall, comprises approximately 40 analysts. 

The scope of the HTA Directorate’s work includes providing evidence synthesis and evidence-based advice to inform public health policy, and providing HTAs to inform decision making on investment or disinvestment in health technologies and programmes, including decisions in relation to national screening and national immunisation programmes. Teams within the HTA Directorate also perform evidence synthesis to support the development of National Clinical Guidelines & Audit and the development of national health policy, and evidence synthesis reviews to inform decisions related to the generic justification of practices involving medical exposure to ionising radiation.

Essential: 

  • Degree qualification (Level 8 on the National Framework of Qualifications or equivalent) in a discipline relevant to Health Services Research, health economics or a relevant clinical area

and

  • Five years of experience in relevant health services research, which includes, extensive practical experience across two or more relevant fields of expertise in health services research

Benefits of working at HIQA: 

  • 30 days annual leave
  • Pension Scheme
  • Learning and Development Opportunities
  • Well-being Programme
  • Social Club
  • Employee Assistance Programme
  • Academic Education Support Scheme

Full details and application form at Careers with HIQA (recruitisland.ie).

The completed application form must be submitted by 5:00pm Monday 24th November 2025. Only web applications fully completed on Careers with HIQA (recruitisland.ie) will be accepted. CVs will not be accepted. The Health Information and Quality Authority is an equal opportunities employer.

Anailísí Sinsearach um Measúnú Teicneolaíochta Sláinte  

Láthair: Baile Átha Cliath, Corcaigh nó Gaillimh 
Grád: Innealtóir Grád I
Tionacht: Conradh Sainchuspóireach – Clúdach Máithreachais

Ina theannta sin, cruthóidh HIQA painéal le haghaidh folúntais bhuana agus téarma sheasta a d’fhéadfadh teacht chun cinn.

Is é cuspóir an róil seo bheith mar chuid d’fhoireann ildisciplíneach atá freagrach as cur chun feidhme éifeachtach chláir HIQA chun measúnuithe teicneolaíochta sláinte ardcháilíochta, comhairle eile fhianaisebhunaithe agus aschuir sintéis fianaise a sholáthar, agus dá bhrí sin modheolaíocht fhianaisebhunaithe a leabú i bpróisis chinnteoireachta sláinte in Éirinn. Tá an Stiúrthóireacht um Measúnú Teicneolaíochta Sláinte (HTA), ar an iomlán, comhdhéanta de thimpeall 40 anailísí. 

Áirítear le raon feidhme obair Stiúrthóireacht HTA sintéis fianaise agus comhairle fhianaisebhunaithe a sholáthar chun bonn eolais a chur faoi bheartas sláinte poiblí, agus HTAnna a sholáthar chun bonn eolais a chur faoi chinnteoireacht maidir le hinfheistiú nó dí-infheistiú a dhéanamh i dteicneolaíochtaí agus cláir shláinte, lena n áirítear cinntí a bhaineann le cláir náisiúnta scagthástála agus cláir náisiúnta imdhíonachta. Tugann foirne laistigh de Stiúrthóireacht HTA faoi shintéis fianaise freisin chun tacú le forbairt Treoirlínte Cliniciúla Náisiúnta & Iniúchta agus forbairt beartais sláinte náisiúnta, mar aon le hathbhreithnithe ar shintéis fianaise chun bonn eolais a chur faoi chinntí a bhaineann le cosaint chineálach cleachtas lena mbaineann nochtadh míochaine do radaíocht ianúcháin.

Riachtanach: 

  • Cáilíocht chéime (Leibhéal 8 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí nó a chomhionann) i ndisciplín ábhartha do Thaighde Seirbhísí Sláinte, eacnamaíocht sláinte nó réimse cliniciúil ábhartha

agus

  • Taithí cúig bliana i dtaighde seirbhísí sláinte ábhartha, lena n áirítear, taithí phraiticiúil fhairsing in dhá réimse nó níos mó de shaineolas i dtaighde seirbhísí sláinte

Tairbhí de bheith ag obair ag HIQA: 

  • 30 lá de shaoire bhliantúil
  • Scéim Pinsin
  • Deiseanna Foghlama agus Forbartha
  • Clár Folláine
  • Club Sóisialta
  • Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
  • Scéim Tacaíochta don Oideachas Acadúil

Tá na sonraí iomlána agus an fhoirm iarratais ar fáil ag Gairmréimeanna in HIQA (recruitisland.ie).

Ní mór an fhoirm iarratais chomhlánaithe a chur isteach faoi 5:00pm Dé Luain an 24 Samhain 2025. Ní ghlacfar ach le hiarratais ghréasáin atá comhlánaithe go hiomlán ar Careers with HIQA (recruitisland.ie). Ní ghlacfar le CVanna. Is fostóir comhionannas deiseanna é an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte.

#IJAdvantage