Healthcare Data Analyst / Anailísí Sonraí Cúraim Sláinte

Location
Dublin, Cork or Galway
Closing date

Healthcare Data Analyst – 2 x immediate vacancies

Location: Dublin, Cork or Galway 
Grade: Engineer Grade III
Tenure: Permanent 

The Health Information and Quality Authority (HIQA), in its role to monitor the quality and safety of health and personal social services for the benefit, health and welfare of the public, uses information about a service’s performance from a variety of sources to inform the risk profiling of health and social care services. Working as part of a team, the Healthcare Data Analyst will assist in the review and analysis of relevant data on a healthcare service’s performance. They will play a key role in supporting operational, analytical and reporting objectives, ensuring tasks are achieved in a timely and professional manner working with broad groups of stakeholders, and contributing to the implementation of methodologies that will help achieve the programme’s objectives. It is proposed that the process of data surveillance will migrate into a new digitalised system in the medium term. The Healthcare Data Analyst will work within the HIQA Healthcare Directorate providing data surveillance support and assistance to multiple teams, each responsible for monitoring a caseload of healthcare services.

Essential: 

  • Degree qualification (NFQ Level 8 or equivalent) in a relevant area deemed relevant by the Authority such as Data Science/Analytics, Computer Science, Public Health, Epidemiology, or Health Services Research, or equivalent

and

  • Minimum of 12 months practical experience in data analysis, including data cleaning/validation, conducting statistical analyses, and producing dashboards to support data-driven decision-making

Benefits of working at HIQA: 

  • Permanent position
  • 25 days annual leave
  • Pension Scheme
  • Learning and Development Opportunities
  • Well-being Programme
  • Social Club
  • Employee Assistance Programme
  • Academic Education Support Scheme

Full details and application form at https://www.hiqa.ie/about-us/careers 

The completed application form must be submitted by 5:00pm Monday 8th September 2025. Only web applications fully completed on Careers with HIQA (recruitisland.ie) will be accepted. CVs will not be accepted. The Health Information and Quality Authority is an equal opportunities employer.

Anailísí Sonraí Cúraim Sláinte x 2

Láthair: Baile Átha Cliath, Corcaigh nó Gaillimh 
Grád: Innealtóir Grád III
Tionacht: Buan 

Mar chuid dá dhualgas monatóireacht a dhéanamh ar cháilíocht agus ar shábháilteacht seirbhísí sláinte agus seirbhísí sóisialta pearsanta chun tairbhe, sláinte agus leas an phobail, baineann an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) úsáid as faisnéis faoi fheidhmíocht seirbhíse ó fhoinsí éagsúla chun bonn eolais a chur faoin bpróifíliú riosca a dhéanann sé ar sheirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta. Agus é nó í ag obair mar chuid d’fhoireann, cabhróidh an tAnailísí Sonraí Cúraim Sláinte le hathbhreithniú agus anailís a dhéanamh ar shonraí ábhartha maidir le feidhmíocht seirbhíse cúraim sláinte. Beidh ról lárnach aige nó aici maidir le cuspóirí oibríochtúla, anailíseacha agus tuairiscithe a bhaint amach. Cinnteoidh sé nó sí go ndéanfar tascanna ar bhealach tráthúil gairmiúil, oibreoidh sé nó sí le grúpaí leathana de pháirtithe leasmhara, agus cuirfidh sé nó sí le forfheidhmiú modheolaíochtaí a chabhróidh le cuspóirí an chláir a bhaint amach. Tá sé beartaithe go n-aistreofar an próiseas faireachais sonraí go córas digitithe nua sa mheántéarma. Beidh an tAnailísí Sonraí Cúraim Sláinte ag obair sa Stiúrthóireacht Cúraim Sláinte de chuid HIQA. Beidh sé nó sí ag tabhairt tacaíochta agus cúnaimh maidir le faireachas sonraí d’fhoirne éagsúla, agus beidh gach foireann acu siúd freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar líon cásanna sheirbhísí cúraim sláinte.

Riachtanach: 

  • Cáilíocht chéime (Leibhéal 8 CNC nó a choibhéis) i réimse ábhartha a mheasann an tÚdarás a bheith ábhartha, amhail Eolaíocht Sonraí/Anailísíocht Sonraí, Ríomheolaíocht, Sláinte Phoiblí, Eipidéimeolaíocht, nó Taighde ar Sheirbhísí Sláinte, nó a gcoibhéis

agus

  • Taithí phraiticiúil 12 mhí ar a laghad ar an anailísiú sonraí, lena n-áirítear glanadh/bailíochtú sonraí, anailísí staidrimh a dhéanamh, agus deaiseanna a tháirgeadh chun tacú le déanamh cinntí sonraí-bhunaithe

Tairbhí de bheith ag obair ag HIQA: 

  • Post buan
  • 25 lá de shaoire bhliantúil
  • Scéim Pinsin
  • Deiseanna Foghlama agus Forbartha
  • Clár Folláine
  • Club Sóisialta
  • Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
  • Scéim Tacaíochta don Oideachas Acadúil

Tá na sonraí iomlána agus foirm iarratais ar fáil ag https://www.hiqa.ie/about-us/careers 

Ní mór an fhoirm iarratais chomhlánaithe a chur isteach faoina 5:00i.n. Dé Luain, an 8 Meán Fómhair 2025. Ní ghlacfar ach le hiarratais ghréasáin atá comhlánaithe go hiomlán ar Careers with HIQA (recruitisland.ie). Ní ghlacfar le CVanna. Is fostóir comhionannas deiseanna é an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte.

#IJAdvantage