Programme Co-ordinator / Comhordaitheoir Cláir
Programme Co-ordinator
Location: Cork, Dublin or Galway
Grade: Higher Executive Officer
Tenure: Immediate Permanent Vacancy; Programme Co-ordinator – Information Handling Centre
HIQA intend to create panels for future permanent and fixed term Programme Coordinator vacancies within the Regulation Directorate.
The Programme Co-ordinator has operational responsibility for managing the business administration function to ensure the smooth running of the relevant department within HIQA. They will lead an operations team responsible for co-ordinating day-to-day and future administrative and business intelligence functions.
The role combines leadership, operational and quality improvement responsibilities and requires the position holder to work proactively and collaboratively within the team and wider organisation to continuously improve operational efficiency and quality of administrative matters. The Programme Co-ordinator will also work closely with their respective management team to assist in overall management of the department, inclusive of assistance with the collation and analysis of relevant operational data.
Essential:
- Degree qualification (Level 7 on the National Framework of Qualifications or equivalent) in a discipline deemed relevant by the Authority for the post of Programme Co-ordinator
and
- A minimum of 12 months experience in a supervisory or managerial role, with operational responsibility for team processes and delivering the team’s objectives
and
- A minimum of three years relevant administration experience that is aligned to the role specific tasks outlined above
Benefits of working at HIQA:
- 29 days annual leave
- Pension Scheme
- Learning and Development Opportunities
- Well-being Programme
- Social Club
- Employee Assistance Programme
- Academic Education Support Scheme
Full details and application form at https://www.hiqa.ie/about-us/careers
The completed application form must be submitted by 5:00pm Monday 11th August 2025. Only web applications fully completed on Careers with HIQA (recruitisland.ie) will be accepted. CVs will not be accepted. The Health Information and Quality Authority is an equal opportunities employer.
Comhordaitheoir Cláir
Láthair: Corcaigh, Baile Átha Cliath nó Gaillimh
Grád: Ardoifigeach Feidhmiúcháin
Tionacht: Folúntas Buan ar fáil Láithreach: Comhordaitheoir Cláir – Lárionad Láimhseála Faisnéise
Tá sé beartaithe ag HIQA painéil a chruthú le haghaidh folúntais bhuana agus téarma sheasta Comhordaitheora Cláir laistigh den Stiúrthóireacht Rialála amach anseo.
Tá an fhreagracht oibríochtúil ar an gComhordaitheoir Cláir as an bhfeidhmiú riaracháin gnó a bhainistiú chun reáchtáil réidh na rannóige ábhartha a chinntiú laistigh de HIQA. Beidh siad i gceannas ar fhoireann oibríochta atá freagrach as feidhmeanna riaracháin agus faisnéise gnó a chomhordú ó lá go lá agus amach anseo.
Leis an ról seo tugtar freagrachtaí ceannaireachta, oibríochta agus feabhsaithe cáilíochta le chéile agus éilítear go n-oibríonn sealbhóir an phoist go réamhghníomhach agus go comhoibríoch laistigh den fhoireann agus den eagraíocht níos leithne d’fhonn éifeachtúlacht na n-oibríochtaí agus cáilíocht na n-ábhar riaracháin a fheabhsú ar bhonn leanúnach. Chomh maith leis sin, beidh an Comhordaitheoir Cláir ag obair go dlúth lena bhfoireann bainistíochta shonrach chun cuidiú le bainistiú foriomlán na rannóige, cúnamh le comhthiomsú agus anailísiú na sonraí oibríochtúla ábhartha san áireamh.
Riachtanach:
- Cáilíocht chéime (Leibhéal 7 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí nó a chomhionann) i ndisciplín a mheasann an tÚdarás a bheith ábhartha don phost mar Chomhordaitheoir Cláir
agus
- 12 mhí taithí ar a laghad i ról maoirseachta nó bainistíochta, le freagracht oibríochtúil as próisis foirne agus as cuspóirí na foirne a bhaint amach
agus
- Trí bliana taithí riaracháin ábhartha ar a laghad, atá ar aon dul leis na tascanna thuasluaite a bhaineann leis an ról ar leith
Tairbhí de bheith ag obair ag HIQA:
- 29 lá de shaoire bhliantúil
- Scéim Pinsin
- Deiseanna Foghlama agus Forbartha
- Clár Folláine
- Club Sóisialta
- Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
- Scéim Tacaíochta don Oideachas Acadúil
Tá na sonraí iomlána agus foirm iarratais ar fáil ag https://www.hiqa.ie/about-us/careers
Ní mór an fhoirm iarratais chomhlánaithe a chur isteach faoina 5:00i.n. Dé Luain, an 11 Lúnasa 2025. Ní ghlacfar ach le hiarratais ghréasáin atá comhlánaithe go hiomlán ar Careers with HIQA (recruitisland.ie). Ní ghlacfar le CVanna. Is fostóir comhionannas deiseanna é an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte.
#IJAdvantage