Specialist Inspector - Critical Entities Resilience / Sainchigire – Athléimneacht Eintiteas Criticiúil
Specialist Inspector - Critical Entities Resilience
Location: Dublin, Cork or Galway
Grade: Engineer Grade II
Tenure: Permanent
In accordance with Government Policy, HIQA recently assumed new responsibilities through the transposition of the EU Critical Entities Resilience (CER) Directive into Irish Law. The legislation stemming from this Directive – SI 559 of 2024 – has expanded HIQA’s remit to become a new Competent Authority with responsibilities to risk assess the Irish health service and regulate those services determined to be critical under the legislation. This is a significant further expansion in HIQA’s responsibilities in the Health sector driven by European legislation.
The Specialist Inspector - Critical Entities Resilience will support the planning and delivery of activities required of the Directive, which include health sector risk assessment and identification of critical entities within the health service, aligned to nationally determined thresholds. Once entities are identified, monitoring of critical entities will then occur to ensure compliance with regulatory requirements and to safeguard operational resilience through business continuity and emergency planning.
Essential:
- Degree qualification (Level 8 on the National Framework of Qualifications or equivalent) in a healthcare related discipline, risk management, operational resilience, business continuity and emergency planning or another discipline as deemed relevant by the Authority for the post of Special Inspector – Critical Entities Resilience as advertised
and
- Full and current driving licence and have access to your own transport
and
- At least three years’ experience working in the area of operational resilience, operational recovery, business continuity, emergency planning or risk management in a health or social care service, regulatory, or other setting deemed relevant by the Authority for the post of inspector of as advertised.
Benefits of working at HIQA:
- Permanent position
- 27 days annual leave
- Pension Scheme
- Learning and Development Opportunities
- Well-being Programme
- Social Club
- Employee Assistance Programme
- Academic Education Support Scheme
Full details and application form at Careers with HIQA (recruitisland.ie).
The completed application form must be submitted by 5:00pm Tuesday 3rd February 2026. Only web applications fully completed on Careers with HIQA (recruitisland.ie) will be accepted. CVs will not be accepted. The Health Information and Quality Authority is an equal opportunities employer.
Sainchigire – Athléimneacht Eintiteas Criticiúil
Láthair: Baile Átha Cliath, Corcaigh nó Gaillimh
Grád: Innealtóir Grád II
Tionacht: Buan
I gcomhréir le Beartas an Rialtais, ghlac HIQA le freagrachtaí nua le gairid trí thrasuí na Treorach AE maidir le hAthléimneacht Eintiteas Criticiúil (AEC) isteach i nDlí na hÉireann. Leis an reachtaíocht a eascraíonn as an Treoir seo – IR 559 de 2024 – cuireadh le sainchúram HIQA le teacht chun bheith ina Údarás Inniúil nua ar a bhfuil freagrachtaí chun measúnú riosca a dhéanamh ar sheirbhís sláinte na hÉireann agus chun na seirbhísí siúd a chinntear a bheith criticiúil faoin reachtaíocht a rialú. Táthar ag cur go mór le freagrachtaí HIQA san earnáil Sláinte sa bhreis air sin, arna spreagadh ag an reachtaíocht Eorpach.
Tacóidh an Sainchigire – Athléimneacht Eintiteas Criticiúil le pleanáil agus soláthar na ngníomhaíochtaí a éilítear faoin Treoir, lena n áirítear measúnú riosca ar an earnáil sláinte agus sainaithint na n eintiteas criticiúil laistigh den tseirbhís sláinte, i gcomhréir le tairseacha arna gcinneadh go náisiúnta. A luaithe a shainaithneofar na heintitis, beifear in ann faireachán a dhéanamh ar na heintitis chriticiúla lena áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais rialála agus chun athléimneacht oibríochtúil a chosaint trí leanúnachas gnó agus pleanáil éigeandála.
Riachtanach:
- Cáilíocht chéime (Leibhéal 8 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí nó a chomhionann) i ndisciplín a bhaineann le cúram sláinte, bainistiú riosca, athléimneacht oibríochtúil, leanúnachas gnó agus pleanáil éigeandála nó i ndisciplín eile a mheasann an tÚdarás a bheith ábhartha don phost mar Shainchigire – Athléimneacht Eintiteas Criticiúil mar a fhógraítear
agus
- Ceadúnas tiomána iomlán atá i bhfeidhm faoi láthair, agus rochtain ar d’iompar féin
agus
- Ar a laghad trí bliana taithí ag obair san athléimneacht oibríochtúil, téarnamh oibríochtúil, leanúnachas gnó, pleanáil éigeandála nó bainistiú riosca mar chuid de sheirbhís cúraim sláinte nó shóisialta nó i suíomh rialála nó aon suíomh eile a mheasann an tÚdarás a bheith ábhartha don phost mar shainchigire mar a fhógraítear.
Tairbhí de bheith ag obair ag HIQA:
- Post buan
- 27 lá de shaoire bhliantúil
- Scéim Pinsin
- Deiseanna Foghlama agus Forbartha
- Clár Folláine
- Club Sóisialta
- Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
- Scéim Tacaíochta don Oideachas Acadúil
Tá na sonraí iomlána agus an fhoirm iarratais ar fáil ag Gairmréimeanna in HIQA (recruitisland.ie).
Ní mór an fhoirm iarratais chomhlánaithe a chur isteach faoi 5:00pm Dé Máirt, an 3 Feabhra 2026. Ní ghlacfar ach le hiarratais ghréasáin atá comhlánaithe go hiomlán ar Careers with HIQA (recruitisland.ie). Ní ghlacfar le CVanna. Is fostóir comhionannas deiseanna é an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte.
#IJAdvantage