IT Infrastructure Operations Lead
Location: Dublin, Cork or Galway
Grade: Engineer Grade II
Tenure: 1 x Permanent Vacancy
The role of the IT Infrastructure Operations Lead will be to lead the teams that manage and maintain HIQA’s IT infrastructure. They will be responsible for the daily management, reliability, performance and security of all IT Infrastructure systems to ensure business operations are supported and aligned with organisational needs and supporting HIQA’s Digital and Data Strategy.
Key duties involve infrastructure maintenance and support, project implementation, disaster recovery, budget management, vendor relationships and strategic road-mapping for long-term infrastructure health and scalability.
This role requires a confident, solutions focused, have a strong operational background and possess excellent communication and inter-personal skills.
Essential:
- Minimum 5 years’ experience operating in and troubleshooting in medium to large scale infrastructure
And
- Proven demonstrable experience in;
- Leadership of a high performing technical team
- Delivering secure and reliable solutions
- Delivering and managing Cloud based solutions
- Vendor management experience
Benefits of working at HIQA:
- Permanent Role
- 27 days annual leave
- Pension Scheme
- Learning and Development Opportunities
- Well-being Programme
- Social Club
- Employee Assistance Programme
- Academic Education Support Scheme
Full details and application form at https://www.hiqa.ie/about-us/careers
The completed application form must be submitted by 5.00pm on Monday 20th October2025. Only web applications fully completed on Careers with HIQA (recruitisland.ie) will be accepted. CVs will not be accepted. The Health Information and Quality Authority is an equal opportunities employer.
Ceannasaí Oibríochtaí Bonneagair TF
Láthair: Baile Átha Cliath, Corcaigh nó Gaillimh
Grád: Innealtóir Grád II
Tionacht: 1 x Folúntas Buan
Bainfidh ról an Cheannasaí Oibríochtaí Bonneagair TF le foirne a threorú chun bonneagar TF HIQA a bhainistiú agus a chothabháil. Beidh siad freagrach as bainistiú laethúil, iontaofacht, feidhmiú agus slándáil na gcóras bonneagair TF go léir d'fhonn a chinntiú go dtacófar le hoibríochtaí gnó, go bhfreastalaíonn siad ar riachtanais eagraíochta agus go n-ailíníonn siad leo, agus go dtacaíonn siad le Straitéis Dhigiteach agus Sonraí HIQA.
Áirítear leis na príomhdhualgais cothabháil agus tacaíocht bhonneagair, cur chun feidhme tionscadail, athshlánú ó thubaiste, bainistiú buiséid, caidreamh le díoltóirí agus treochláir straitéiseacha ar mhaithe le sláinte agus inscálaitheacht fhadtéarmach an bhonneagair.
Tá duine muiníneach atá dírithe ar réitigh ag teastáil don ról seo, duine ag a bhfuil cúlra láidir oibriúcháin, mar aon le sárscileanna cumarsáide agus idirphearsanta.
Riachtanach:
Taithí 5 bliana ar a laghad ag feidhmiú agus ag fabhtcheartú i mbonneagar meánscála go mórscála
Agus
- Taithí fhollasach chruthaithe maidir leis an méid a leanas;
- Ceannasaíocht ar fhoireann theicniúil ardfheidhmíochta
- Réitigh shábháilte agus iontaofa a sholáthar
- Réitigh Néalbhunaithe a sholáthar agus a bhainistiú
- Taithí bainistithe díoltóirí
Tairbhí de bheith ag obair ag HIQA:
- Ról Buan
- 27 lá de shaoire bhliantúil
- Scéim Pinsin
- Deiseanna Foghlama agus Forbartha
- Clár Folláine
- Club Sóisialta
- Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
- Scéim Tacaíochta don Oideachas Acadúil
Tá na sonraí iomlána agus foirm iarratais ar fáil ag https://www.hiqa.ie/about-us/careers
Ní mór an fhoirm iarratais chomhlánaithe a chur isteach faoi 5.00pm Dé Luain, 20 Deireadh Fómhair 2025. Ní ghlacfar ach le hiarratais ghréasáin atá comhlánaithe go hiomlán ar Careers with HIQA (recruitisland.ie). Ní ghlacfar le CVanna. Is fostóir comhionannas deiseanna é an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte.
#IJAdvantage